No module Published on Offcanvas position

Teachtaireacht ón Easpag

Fáiltiú
Tráthnóna maith agaibh agus fáilte! Ár mbuíochas le sagairt uile an cheantair seo agus libhse atá sásta freastal ar an ócáid seo. Ba mhaith liom ar dtús míniú daobh céard a spreag mé tús a chur leis an bpróiseas seo agus léargas a thabhairt daoibh ar chuid de na cuspóirí a bheas againn.
 
Cúlra
Mí na Bealtaine seo caite, ar lá mo insealbhaithe mar Easpag na Gaillimhe, Chill Mhic Duaigh is Chill Fhionnuarach, labhair mé faoin staid ina bhfuil muid maidir le pobal creidmheach agus an dóchas a bhí agam go
gcuirfí tús le comhrá nó agallamh liomsa mar Easpag, na sagairt, lucht Beatha rialta agus sibhse, an pobal, faoin mbealach is fear pleanáil don todhchaí. Mí na Samhna seo caite, bhunaigh mé coiste sagart le féachaint cén chaoi ab fhearr tabhairt faoin obair. Ag tús mhí Feabhra, cuireadh tús leis an bpróiseas nuair a tháinig sagairt na deoise le chéile do chruinniú a mhair dhá lá agus bhí an cruinniú seo againn i Rinn na Spáinneach, Co. an Chláir. Aontaíodh nár mhór an comhrá a leathnú amach le go gcloisfí glór phobail na bparóistí. Mar thoradh air seo, roinneadh an deoise in seacht ngrúpa paróisteach agus socraíodh go mbeadh ionadaithe ó na grúpaí éagsúla seo. Níl anseo ach tús an chomrá, déanfar dianphlé ar go leor ceisteanna san am atá amach romhainn.
 
Dearcadh dearfach dóchasach maidir leis an todhchaí
Creidim gan dabht go bhfuil muid beannaithe i saol an lae inniu. I mo chroí isitgh, tá mé dóchasach dearfach faoi thodhcaí n hEaglaise. Creidim go bhfuil an Spiorad Naomh Fíorghníomhach inár measc. Creidim go bhfuil síolta nua á gcur, go bhfuil gortghlanadh ar súil agus mar thoradh air seo go bhfeicfear bealaí nua, cosáin nua, a theorós muid ar bhealach ár leasa. Deireadh mo mháthair: “ Déanadh tusa do chion agus lig do Dhia an chuid eile a dhéanamh” Ardaíonn sé sin an chéist mhór : Céard é ár gcion i gcomhthéacs na pleanála atá le déanamh maidir lenár bparóistí agus lenár ndeoise.
 
Na Dúshláin Reatha
Seo anois seacht sampla de na dúshláin atá le sárú again, i mo thuairimse.

  1. Ar chúiseanna éagsúla, tá meath tar éis teach tar rannpháirtíocht an phobail inár bparóistí le deich mbliana anuas agus tá gach cosúlacht ar an scéal gur in olcas atá an scéal ag dul. Cé gur fíor é seo maidir lenár bparóistí ar fad, tá sé an-fheiceálach ar fad sna paróistí beaga tuaithe i gcomparáid leis na paróistí cathrach.
  2. Tá sé le feiceáil go suntasach go bhfuil na ronnpháirtithe atá gníomhach inár bparóistí ag dul in aois. Is minic an fhirínne searbh ach caithfidh muid aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne sin: Is beag duine idir scór agus
    leathchéad bliain atá le feiceáil sna séipéil go rialta.
  3. De thoradh an laghdú rannpháirtíochta agus an pobal ag dul in aois, tá laghdú ar ioncam na bparóistí agus laghdú orthu siúd a bhíodh sásta obair dheonach a dhéanamh.
  4. Faoi láthair, níl ábhar sagairt amháin again. Tá ár gcuid sagart ag éirí sean. Sna fiche bliain amach romhainn, ní bheidh againn ach tuairim is fiche sagart deoiseach chun freastal ar cheathracha nó ar dhá scór paróiste gan trácht ar na seirbhísí séiplíneachta sna hospidéil agus an arm. Faoi láthair tá trí pharóiste againn gan sagart cónaitheach agus in olcas atá an scéal sin ag dul.
  5. De thoradh ar a bhfuil ráite agam go dtí seo, tá ualach mór oibre ar chuile shagart faoi láthair. Tá athrú mór tar éis teach ar an saol i gcoitinne: caighdeáin níos airde, cúrsaí dlí agus ar uile. Don chéad uair ariamh, tá brú ollmhór ar ár gcuid sagart. Go simplí, ní féidir an t-ualach mór oibre seo a roinnt ar níos lú sagart. Níl sé inmharthanach.
  6. Níl rannpháirtíocht tuatach mar thraidisiún againn maidir le cur chin cinn an chreidimh, tá géarghá le hoiliúint agus le hoideachas le go mbeadh ról gníomhach ag tuataigh in obair eaglasta.
  7. Cé go bhfuil tábhacht mhór le ceiliúradh an Aifrinn agus na sacraimintí agus fiú déileáil le sochraidí – ní foláir aghaidh a thabhairt ar athbheochan an chreidimh i measc na n-óg agus ní foláir cleachtas nua misineach a chothú.

Cur Chuige Nua
Tá buíochas ollmhór ag dul do na sagairt, lucht na beatha rialta agus do thuataigh a rinne obair na gcapaill le blianta fada anuas. Tá go leor de na struchtúir is na cleachtaí a bhí éifeachtach san am atá caite nach bhfuil chomh torthúil I saol an lae inniu. Cuirfidh mé mar seo é: An dteastaíonn na hAifrinntí ar fad atá againn faoi lathair? An bhféadfaidh níos lú oibre a bheith le déanamh ag an sagart- nó an bhfeadhfadh tuataigh a bheadh
oilte tabhairt faoi chuid den obair seo? Cén ról a bheas ag Comhairlí Tréadach Paróistí i múnlú na todhchaí I gcomhthéacs comhpháirtíocht na sagart is na dtuatach agus iad ag obair as láimh a chéile?
An feidir linn na séipéíl ar fad atá againn faoi láthair a choinneáil ar oscailt? An féidir linn scaoileadh le cuid de na cúraimí atá againn faoi láthair le go mbeadh muid in ann tabhairt faoi rudaí níos fear- rudaí níos torthúla?
Mura mbeadh an oireach Aifrinntí againn, seans go mbeadh níos mó daoine i láthair, rud a chiallódh ceiliúradh sollúnta machnamhach do chuile dhuine. Cén chaoi gur féidir linn beocht nua spioradálta a dhúiseacht inár
bparóistí? An bhféadfadh tuataigh a bheadh oilte ar obair eaglasta i bhfad níos mó a dhéanamh? Cén chaoi a ndéanfar an oiliúnt seo? Cé a dhéanfas í? Cén chaoi a n-íocfar as an oiliúint? Ar cheart dúinn díriú ar chlanna óga- ar dhaoine óga?
Tá dhá scór míle mac léinn ag freastal ar na hollscoileanna éagsúla i nGaillimh, cén bealach is fear a bheadh againn sagairt a chur ar fáil agus tuataigh chomh maith, chun tacú agus tógáil ar obair shéiplíneachta sna
hollscoileanna seo?
Ar cheart dúinn a bheith ag díriú níos mó ar ullmhú do na sacraimnití? Cén chaoi gur féidir linn gaol níos doimhne a bheith againn le lucht an dobróin, na heasláin, na boicht agus iad siúd atá scoite amach ón Eaglais agus ón tsochaí?
Caitheann muid an t-uafás airgid ar ár gcuid foirgneamh- I gcomparáid leis seo, cé mhéad airgid a chaitear ar dhaoine agus ar thionscnaimh athbheochana creidimh?
Deirtear nach neart gur cur le chéile! Nach bhféadfadh grúpaí de pharóistí a d’oibreodh as láimh a chéile I bhfad níos mó a bhaint amach agus iad ag roinnt acmhainní ar a chéile? B’fhearr i bhfad é seo ná iad ag obair ina n-aonar, i mo thuairimse.
 
SEO ÁR SEANS AN DEIS A THAPÚ
 Mar fhocal scoir, níl mé éadóchasach nó in ísle brí faoi chúrsaí mar atá. Creidim i mo chroí istigh gur bronnadh na laethanta grástúla seo orainn le go ndéanfaidh muid ár gcion. Is fúinne é na cinntí cearta a dhéanamh, cinntí misniúla le cúnamh Dé, a chuirfeas todhchaí nua glan ar fáil dúinn, athbheochan nua creidimh do na pobail chreidmheach go léir. Is I gcomhthéacs an spioraid seo a chuirim fáilte roimh na cruinnithe seo. Tagaimis le chéile mar rannpháirtithe gníomhach mar ag deireadh an lae, is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.
Míle buíochas ó chroí libh as a bheith anseo. Nár lagaí Dia sibh.

An tEaspag Micheál, Cruinnithe Paróistí 2023

Mass Times / Aifreann

Cill Éinde, An Spidéal
Dé Luain 10:00am
Dé Máirt 10:00am
Dé Céadaoin 10:00am
Dé hAoine 6:00pm
Dé Sathairn 6:00pm
Dé Domhnaigh 11:00am

Cill Treasa, Ros a' Mhíl
Dé Sathairn 7:30pm

Cill Mhuire, Na Minna
Dé Domhnaigh 9:30am

I rith na seachtaine, féach ‘Nuacht-litir’.

 

SAGART

An tAth. Daniel Gallagher
091-504797

Cosaint Leanaí

Safeguarding Children & Young People
The Parish of An Spidéal values & encourages the active participation of children and young people in its life and is committed to ensuring their happiness, safety and well-being.

Ag Pósadh Sa Spidéal