Cill Éinde – Paróiste an Spidéil
An tAthair Daniel Gallagher · Spiddal Parish, Connemara

Pósadh / Marriage

Ceiliúradh an Phósta Chríostaí i gCill Éinde, An Spidéal

Léigí an leabhrán eolais le bhur dtoil maidir le póstaí a cheiliúradh i gCill Éinde, An Spidéal atá ar fáil anseo thíos. Cuideoidh na treoirlínte agus na rialacháin libh réiteach do bhur lá speisialta, agus le cuid de na ceisteanna atá agaibh a fhreagairt. Nuair a chuireann sibh an fhoirm áirithinte ar ais (maraon leis an táille), ciallaíonn sé sin go nglacann sibh leis na hachainíocha agus na coinníollacha atá inti.
Wedding Information Sheet as Gaeilge ↗

Please read this information leaflet in regard to the celebration of marriages in Cill Éinde, An Spidéal. The guidelines and regulations therein will help you prepare for your special day, and to answer some of your questions. Receipt of a confirmed booking form (including fee) implies that you accept and will comply with what, in some cases, are local requests and regulations.
Wedding Information Sheet ↗

Booking Form: Wedding Booking Form ↗

Coinníollacha Eaglasta

Tabhair faoi deara: Éilíonn an Eaglais fógra trí mhí ar a laghad. Mar sin féin, ba chóir an séipéal agus an sagart a chur in áirithe roimhe sin.

Cúrsa Réamh-Phósta: Is riachtanas é freastal ar chúrsa Réamh-Phósta. Ba chóir é sin a chur in áirithe go luath toisc go mbíonn sé deacair go minic áit a fháil ar chúrsa atá caoithiúil duit. Ní ghlacann Paróiste an Spidéil le aon chúrsa ach an cúrsa Chaitliceach a chuireann ACCORD ar fáil go náisiúnta.

Fiosrúchán Réamh-Phósta: Ní mór don bhean agus don fhear atá le pósadh Fiosrúchán Réamh-Phósta a chomhlánú ina n-aonar in éineacht le sagart an pharóiste ina gcónaíonn siad ag an am. De ghnáth, níl sé sin casta. Ach má bhíonn dispeansáidí ag teastáil, tógfaidh an próiseas níos faide, e.g. má tá ceist gur glacadh móideanna crábhaidh/gaol fola/nó duine den bheirt bheith ina neamh-Chaitliceach. Déanfaidh an sagart atá ag comhlánú na bhfoirmeacha in éineacht libh na litreacha dispeansáide a eagrú.

Ba chóir daoibh a rá leis an sagart sa bparóiste ina gcónaíonn sibh go bhfuil ar intinn agaibh pósadh sa Spidéal agus go mbeidh oraibh castáil air chun an Fiosrúchán Réamh-Phósta a chomhlánú. Deis é sin aithne a chur ar bhur gcléir áitiúil mura bhfuil sibh i bhfad sa bparóiste ina gcónaíonn sibh.

Ba chóir an cruinniú sin a bheith ann chun an Fiosrúchán Réamh-Phósta a chomhlánú, mí amháin ar a laghad, agus gan bheith níos mó ná sé mhí, roimh lá an phósta. Mí amháin ar a laghad roimh dháta an phósta, seolfaidh an sagart na páipéir chomhlánaithe chuig:

An Sagart Pobail, An Spidéal, Co. na Gaillimhe

Má chónaíonn ceachtar agaibh taobh amuigh d'Éirinn, áfach, tógfaidh an próiseas seo breis ama de bhrí nach mór an fhoirm/na foirmeacha comhlánaithe a chur ó Oifig Easpaig na deoise thar lear ina gcónaíonn tú chuig:

An Rúnaí Deoise, Oifig Deoise na Gaillimhe, An Ard-Eaglais, Gaillimh.

Sula gcasfaidh tú ar an sagart chun obair a dhéanamh ar an bhFiosrúchán Réamh-Phósta, seans go mbeidh ort teagmháil a dhéanamh le roinnt paróistí roimh ré chun iad seo go léir a leanas a fháil:

Riachtanais Shibhialta

Níl pósadh bailí mura dtugtar fógra trí mhí don Chláraitheoir Póstaí. Ní mór daoibhse, mar lánúin, dul i dteagmháil leis an gCláraitheoir Sibhialta go práinneach ag oifig ar bith dá chuid taobh istigh d'Éirinn le coinne a dhéanamh chun fógra trí mhí a thabhairt faoi bhur rún pósadh. Cuideoidh sé sin leo an t-ualach oibre a scaradh níos cothroime thar an dá mhí dhéag den bhliain, agus b'fhéidir é a dhéanamh níos fusa daoibh coinne níos feiliúnaí a fháil. Féach: www.groireland.ie/getting_married.htm

Mura bhfuil ainm an tsagairt atá beartaithe agaibh le feidhmiú ar an bpósadh ar Liosta Sollúnóirí an Chláraitheora, tabharfaidh an paróiste seo foirm chlárúcháin daoibh a chuirfidh sibh ar aghaidh go dtí an sagart lena chomhlánú.

Ag an gcruinniú leis an gCláraitheoir, gheobhaidh sibh Foirm Chlárúcháin Phósta a chuirfidh sibh ar ais chuig an gCláraitheoir tar éis an phósta, agus é sínithe ag na páirtithe.

Searmanas an Phósta

Féadfaidh Pósadh Sacraimintiúil san Eaglais Chaitliceach tarlú laistigh de cheiliúradh an Aifrinn nó gan cheiliúradh Eocairisteach. Braithfidh bhur gcinneadh maidir le ceiliúradh na sacraiminte laistigh nó lasmuigh den Aifreann ar bhur gcreideamh féin, agus/nó ar an seans go mbeadh Pósadh Measctha i gceist, i.e. pósadh idir Caitliceach agus Críostaí neamh-Chaitliceach nó neamh-Chríostaí.

Tá cúiseanna maithe ann nach mbeadh an Eocairist mar chuid de shearmanas pósta. Ba chóir daoibh na roghanna sin a phlé leis an sagart a bheidh ag feidhmiú ag bhur bpósadh, más dóigh libh go mbaineann sé le hábhar.

Póstaí ar an Domhnach: De réir pholasaí Dheoise na Gaillimhe maidir le póstaí Domhnaigh, is fearr linn gan glacadh le háirithintí don Domhnach.

Réiteach Sacraimintiúil: D'fhonn sibh féin a oscailt níos iomláine do ghrásta agus beannacht Dé, moltar daoibh leas a bhaint as Sacraimint an Athmhuintearais sa tréimhse díreach roimh an bpósadh. Ba chóir troscadh ar feadh aon uair an chloig sula nglacfar Comaoineach Naofa, go háirithe i dtaca le halcól.

Bláthanna: Cuireann bláthanna leis an bpósadh. Ach níl Cill Éinde in ann glacadh leis an iomarca bláthanna. Baineann ró-mhaisiú ón bhfoirgneamh speisialta seo agus ceileann áilleacht na bhfuinneog agus na hoibre ealaíne, an dín agus ghnéithe eile.

Tá an altóir beag go leor. Níor cheart bláthanna a leagan ansin. Más mian leat Searmanas Lasta Coinnle a bheith mar chuid den phósadh, tá seastán ar fáil ar féidir a chur ag an taobh.

Níor cheart dóibh siúd a bheidh i mbun na mbláthanna an séipéal a úsáid mar ionad oibre. Ba chóir an oiread agus is féidir den réiteach a dhéanamh roimh ré.

Urraim: Tá rogha déanta agaibh a bheith pósta in ionad adhartha agus paidreoireachta. Táimid ag súil go mbeidh meas agaibh go léir ar ár séipéal. Bígí urramach i gcónaí le bhur dtoil.

Ceol: An ceol a roghaíonn sibh, caithfidh sé a bheith ag teacht leis an timpeallacht bheannaithe.

Tá stór mór feiliúnach iomann cráifeach agus ceoil ró-bheannaithe a chuirfidh le bhur gceiliúradh pósta – traidisiúnta, clasaiceach agus nua-aimseartha, Éireannach agus idirnáisiúnta, gutha agus uirlise.

Ba chóir daoibh dul i gcomhairle le bhur sagart maidir le ceol iomchuí tamall maith roimh lá an phósta. Go háirithe, ba chóir don cheol a roghnaíonn sibh d'am Comaoineach a bheith Eocairisteach.

Má bhíonn grúpa ceoil agaibh le trealamh ceoil agus leictreonach, seachas iad féin a shuíomh in aice le ceantar na sanctóra, tá spás níos feiliúnaí ar aghaidh an phríomhdhorais isteach.

Grianghrafadóireacht & Físeán

Cuir an t-eolas seo a leanas in iúl don ghrianghrafadóir agus/nó don fhoireann fístéipe le bhur dtoil roimh lá an phósta.

Poncúlacht: Cé go bhféadfadh sé bheith sa bhfaisean don bhrídeach a bheith cúpla nóiméad mall, ar mhaithe le cúirtéis, ar mhiste libh an searmanas a thosú ag an am atá beartaithe.

Cleachtadh Pósta: Bíonn cleachtadh gearr pósta ag formhór na lánúineacha lá nó dhó roimh an bpósadh. Beidh an Sacraisteoir i láthair, más féidir, le chuile chúnamh a thabhairt daoibh. Déan teagmháil le hoifig an pharóiste (091-553155) chun am a shocrú nach gcuirfidh isteach ar na gnáthshearmanais nó nach mbeidh i gceist leis Sacraisteoir an tSéipéil a choinneáil ann go deireanach.

Táille an tSéipéil

Bíonn táille de €500 len íoc acu siúd a chónaíonn taobh amuigh de pharóiste an Spidéil nuair a dhéanann siad an áirithint. Cuimsíonn an táille sin próiseáil na gcáipéisí a bhaineann le bhur bpósadh, úsáid an tséipéil, ullmhúchán, soilsiú, téamh, glantachán ina dhiaidh etc.

Muintir an pharóiste a chuidíonn le cothú an tséipéil ar an ngnáthbhealach, fágtar fúthu féin é bronntanas a thabhairt don Pharóiste ar ócáid a bpósta. Ach baineann an táille de €100 le chuile dhuine le háirithint a fháil.

Fágtar fúibh féin é ofrálacha a thabhairt don Sagart Feidhmithe, do Shacraisteoir an tSéipéil agus do na Freastalaithe Altóra.

An Sagart Feidhmithe: Níl Sagart Pobail an Spidéil in ann feidhmiú ag cuid mhaith de na póstaí a tharlaíonn i gCill Éinde. Bítear ag súil go n-aimseoidh lánúineacha gan baint acu leis an bparóiste seo a sagart féin a bheith acu, sagart a bheidh ar Chlár Sibhialta na Sollúnóirí.

I nDiaidh an Phósta: Déanaigí socrú le bhur dtoil coinnle, bláthanna etc. ar mhian libh a choinneáil a bhaint amach as an séipéal. Ba chóir leabhráin nach bhfuil ag teastáil a bhailiú agus iad a fhágáil le haghaidh athchúrsála.

Glactar le hiarratais ar an gcoinníollach go bhfuil sibh in ann a thaispeáint go bhfuil sibh i dteideal sacraimint an phósta a cheiliúradh san Eaglais Chaitliceach.

Teagmháil / Contact

Oifig an Pharóiste / Parish Office Dé Máirt, Déardaoin & Dé hAoine · 10:00rn – 2:00in
📞 083 812 6745
✉️ cilleinde@outlook.ie